Home | The Carnaun Centenary Book | Book | Chronicle | Education, Environment, Folklore, People

D’Fhoghlaim na paistiían Ghaeilge ó scéalta go mór mhór scéalta faoi obair na feirme agus an nadúr.

San Earrach bhíodh caint ar an dtreabhadh, an fuirseadh agus cur an tsíl leis an gcéachta agus an bracha agus cur an tsíl ón bpráiscín. Sa Samhradh bhíodh baint an fhéir agus baint na móna acu. San Fhomhair bhíodh ar an bhfeirmeoir na barrai a bhaint agus sa nGeimhreadh bhíodh air bia a thabhairt do ainmhithe na feirme.

B’iad na scéalta céanna nach mór a bhí in úsáid sa scoil ó bhliain go bliain agus thaithin cuid acu níos mó leis na paistí ná na cinn eile.

Thárla go raibh triúr gasúr ó Scoil Charnáin ag iarraidh “An Preparatory Scholarship” a fháil agus sa “Bish” i nGaillimh a bhi orthu an t-agallamh a dhéanamh. Beirt chigire ó Bhláth Cliath a bhi ann. “Cad tá an feirmeoir ag déanamh an t-am seo den bhliain?” an cheist a chuireadh ar an gcéad lad ón scoil seo. “Ag treabhadh agus ag fuirseadh ata sé anois” arsa an buachaill, “ach ní fada anois go mbeidh sé ar an bportach. Is maith leis dul ar an bportach. Eiríonn sé go moch ar maidin. Cuireann sé an t-asal faoin gcarr agus cuireann sé an barra rotha, an sléan agus an laí isteach ann. Suas ar an gcarr leis féin ansin agus ar aghaidh leis ar an bportach”.

Ar ndóigh bhí cluas ag an g’keyhole’ ag an Máistir scoile amuigh agus is é a bhí sásta leis an gcéad scoláire. “Agallamh maith” ar seisean leis fein.

“Céard faoin gcluiche mór an Domhach seo chaite?” an cheist a cuireadh ar an dara Carnánach. “Níl fhios agam tada faoi” arsa mo dhuine bocht “mar bhí orm dul ar an bportach le m’athair”. D’éirigh m’athair go moch ar maidin. Chuir sé an t-asal faoin gcarr. Chuir sé an barra rotha, an sleán agus an laí isteach ann. Suas ar an gcarr leis ansin agus ar aghaidh leis . . . . ”  Agus ar aghaidh leis an scoléire leis an scéal go tapaidh agus nior thug sé seans ar bith do na cigirí aon cheist eile a chur go raibh an t-am caite.

“Bhfuil aon sean-fhocal agat a bhuachaill”? arsa cigire nuair a tháinig a triú fear as Scoil Charnán isteach. “Mara bhfuil agat ach pocaide gabhair bí i lár an aonaigh leis” arsa an gasúr le brod. “Maith thú” arsa an cigire. “An raibh tú riamh ar an aonach?”. “Bhi go minic” arsa’n buachaill, “ach bhfearr liom bheith ar an bportach”. “Eirionn mé go moch ar maidin. Cuireann mé an t-asal faoin gcarr. . . . .”. “Is dócha go gcaitheann tú an barra rotha, an sleán agus an laí isteach ann” arsa cigire amháin le droch-mheas.

“Bhi an-eolas ag na cigirí as Bláth Cliath ar an bportach” arsa mo dhuine leis an múinteoir nuair a thainig sé amach. “Cé’n faith nach mbeadh taréis an ath-chleachtadh a bhí acu?” arsa an muinteóir agus ba bheag nár bhris sé “cinc a mhuiníl” leis an sceilp a thug sé dhó. “Agus an oiread scéalta eile a mhún mé dóibh” ar seisean leis féin go brónach.

– –

Written by Finbarr O'Regan

Published here 05 Feb 2021

Page 042 of The Carnaun Centenary Book

– –

The Carnaun Centenary

The Carnaun Centenary

A compilation of short articles about the life and times at Carnaun National Sch… Here some recent records:

Explore

Chronicle

Scoil Croi Naofa Newsletter - Christmas 1998
Scoil Chroí Naofa is a Presentation school.  We are a Christian Cathol… by Teresa Neilan
Athenry Journal Archive | Community, Education, Entertainment, Music

Contribute

Many thanks to all our writers, researchers and contributors who have made this collation of writing a meaningful historical record. If you would like to add an article, news, thoughts, opinions, photos or anything else to the Athenry.org Library please contact our Editor, Finbarr O’Regan at: oreganathenry@gmail.com
Contact
About

About the project

Find out how it all began and meet the editor.

Read
Links

Community links

Links to our pick of local community places.

Search
Links

Other publications

Recommended good reads by other local writers.

Browse
Letters

Letters to the editor

Comments, reviews and letters from readers.

Read
Carnaun School Athenry

Carnaun school

The legacy website created by Finbarr’s students.

Visit
© 2021 O’Regan’s Athenry Archive | Copyright | Contributors | Privacy | Cookies | Login | A Follyfox Design