Home | The Carnaun Centenary Book | Book | Chronicle | Education, Folklore
“Mise Neidín. Is asal mé. Té beartaithe agam scéal mo shaoil a insint daoibh, mar is dóigh liom go bhfuil an chuid is mó de mo shaol caite agam anois.
Ni minic mo leithéidse agus scéal a bheatha dá aithris aige. Ni theastaíonn uaim a chur i gcéill gur tabhachtaí mo scéalsa ná scéal asail ar bith eile. Ni mar sin atá ’cor ar bith. Níl ann ach go bhfuil an fonn orm”.
Nuair a chuimhním ar Scoil Náisiúnta Carnáin tá an leabhar sin “Neidín” i measc na rudaí a thagann isteach i mo cheann. Ni raibh aon phictiúr sa leabhair mar atá sna leabhair inniú ach tá pictiúr bréa soiléir agam ar “Neidin” agus a shaol. Deireann sé sin rud éigin faoin gcoras a bhí i bhfeidhim ag an am.
Is maith is cuimhin liom an chéad lá a chuaigh mé ar scoil. Ón lá a bhí mé tri bhliana d’aois bhíos ag féachaint ar na scolairi ag siúl ar scoil agus ní raibh mé in ann feitheamh leis an lá nuair a bhéinn féin ina measc. Tháinig an lá agus shiúil mé suas an bóthar in éineacht le mo dheartháireacha, deirfiúracha agus comharsana. Bhi roinnt daoibh at rothair ach mar sin féin bhí gach duine ag taisteal ag an luas chéanna. Ni raibh deifir ar éinne. Nílim a rá go raibheamar déanach gach maidin ach ní raibh an chlog ro-thábhachtach ag an am. Is minic dár ndóigh a fuaireamar “cuimhneamh” ón máistir go raibheamar déanach ach níor chuir sé sin isteach orainn morán. Ni raibh mé ach míle on scoil ach ag féachaint air ó thaobh gasúr óg b’fhada an bóthar é. Bhíomar ceart go leór go díi gur thángamar chuig an choirnéal ag “Joyces”. Ansin bhíomar i radharc na múinteóirí agus tháinig deifir orainn go tapaidh.
Ag an am sin b’é saol eile é saol na scoile. Bhi balla árd agus geata árd timpeall uirthí, agus bhí a ionannas féin ag an scoil nach raibh ag aon foirgneamh eile sa cheantar. An doras mór glas, na píosaí iarainn taobh amuigh de chun na bróga a ghlanadh, ach ní fhaca mé éinne riamh á n’glanadh orthu. Bhi rud éigin aisteach ag baint leis an scoil.
Mhothaíonn gach éinne an rud chéanna ina shlí féin ach tá sé deacair é a chur i bhfocla. Cheap mé go raibh gach rud an-mhór, an halla, na seomrai agus bhí na fuinneoga agus an tsíleáil an-árd. Nuair a cheapamar é sin agus na seomrai chomh beag céard a cheapann scoláiri óga ag dul isteach i scoil nua faoi láthair agus na seomrai chomh mor sin.
Ni raibh ach dhá sheomra sa scoil an chéad lá a chuaigh mise ann agus b’iontach an rud é sin dar liom mar bhí beagnach gach duine a bhí ag teacht suas an bothar leat sa seomra céanna ach amháin na “Big Lads” a bhí i rang an mháistir. B’áit fáthrúnda i seomra an mháistir agus bhí gach scoláire ag feitheamh leis an lá ina mbeadh sé sa seomra mórchúiseach sin, agus nuair a bhí sé ann dár ndóigh níorbh fhéidir leis fanacht go bhfágfadh sé é.
Bhi Tim, Babs agus Miss Curran ag múineadh sa scoil nuair a thosaigh mé agus bhí mise faoi chúram Miss Curran ar feadh dhá bhliain nó mar sin. Bhi Morris Minor dubh aicí. Bhi aistear fada le taisteal aici agus ní raibh an carr ag imeacht to-mhaith. Is cuimhin liom go maith na cáirti a bhí thuas ar an mballa agus ceann amháin a bhí an-spéisialta ar fad domsa, an ceann leis na h-ainmhithe feirme sa chlos feirme. Chaitheamar alán ama gach maidin ag cur na h-ainmneacha de ghlan mheabhair. Ni raibh aon bhuntús cainte ann ag an am mar atá anois agus bhí a bhuntáistí féin ag an gCúrsa A.B.C.
Bhi tri ranganna ag an múinteoir i seomra beag cúng agus bhí alán aistriúchán le déanamh, ag dul ó na binsí go dti an suíocháin fada os comhair na tine. Ni raibh ach laindéal gloine mar deighilt idir an dá sheomra agus chloisféa gach rud a bhí ar siúl sa seomra eile. Bhi alán obair ó bhéal ar siúl ag an am go mórmhór matamaitic mheabhrach agus chloisféa na daltaí ag glaoch amach na freagraí ós árd. Bhí an-bhéim ar scríobhneoireacht agus bhí cliú agus cáil ar Scoil Charnáin mar gheall ar an stíl deas scríobhneoireachta a bhí acu. Bhí tobar i ngach binse don dúch agus bhí sé thar a bheith deacair scríobh leis an bpeann adhmad agus an gob. Bheadh gach rud ag dul go réidh socair nuair a dhéanfadh an gob blob mór ar an gcóipleabhar. Ni raibh an páipéar súite ró-fhlúirseach agus bheadh ort píosa a fháil ó dhuine éigin gan aire an mhúinteora a tharraingt ort féin.
Lá amháin nuair a bhí buachaill ag meascadh an dúch taobh thiar den chlár dubh leag sé an clár dubh anuas ar ghualainn “Babs” a bhí ag ceartú cóipleabhair ag an mbord. Cheap Babs go ndearna sé é d’aonturas agus nuair a bhí si réidh leis ni raibh aon seans ann go ndéanfadh sé aris é. B’é an “slat” an poláisi aráionachta ag an am agus bhí a fhios ag gach duine cad a bhí i ndán do dá ndéanfadh sé aon rud as an tslí. Agus gan drochmheas a chaitheamh ar na múinteoiri is dócha gur fhoghlaiomar alán rudaí ag an am mar bhi faitíos orainn roimh an “tslat” céanna.
Ni raibh morán cuairteoirí againn sa scoil ach b’é “Lé an Chigire” i measc na laethanta is soiléire i m’intinn. Thiocfadh scéin ar Babs nuair a d’fheicfeadh si an “Duck Egg Blue” taobh amuigh den gheata. Chaithfeadh an Cigire formhór a ama ag an scoil i seomra an mháistir. Ach bheadh Babs an-ghnóthach ag ullmhú an tae do. Bhi éadach boird agus sceanaí aicí sa chofra árd sa chúinne. Rachadh duine amháin chuig an siopa le haghaidh arán, im, siúcra agus cáca milis, páiste eile chuig “Rabbitts” don “ubh donn” agus duine eile chuig “Joyces” don uisce.
Bheadh béile bréa deas ag an gCigire agus na múinteoirí agus bheadh sos bhréa fada againn. Bhí boladh toitiní sa seomra don tráthnona ach ní raibh éinne ag gearán. Bhí uair nó dhó deas suaimhneach againn taréis dó an scoil a fhágail mar ní raibh fonn oibre ar an múinteoir riamh an chuid eile den lá sin.
Lá eile a sheasann amach i m’intinn ná an lá a chuaigh mé isteach i rang an mháistir. Bhíomar sort loite ag na mná a bhí ár múineadh go dtí seo agus bhi múscailt garbh i ndán dúinn ansin. Bhi seomra nua togtha ag an am agus bhí sé i bhfad nios mó ná na seomrai eile. Bhí an iomarca spás ann agus mar sin ní minic a bhí deis cainte agat. Bhi réim cáiliúil Thadhg (ar dhéis Dé go raibh a anam) ag teacht chun críoch nuair a chuaigh mise isteach i rang a cúig. Ni raibh a fhios agam ag an am dár ndóigh go leanfainn é mar Phríomhoide i Scoil na Fuarchoilleadh agus go bposfainn a iníon. Bhi grá mhór aige don Ghaeilge agus táim cinnte gur féidir le gach éinne a bhi faoin a gcúram cúimhneamh ar dhán nó dhó a mhúin sé dúinn. Ceann a ritheann isteach im’ cheann go héascai anois ná an “Spailpin Fánach”. Bhíodh spailpín againn go minic sa teach agus bhí ciall speisialta ag an dán sin dom.
Go deo, deo ’ris ní rachad go Caiseal,
Ag díol ná ag reic mo shláinte.
Ná ar mhargadh na saoire im shuí cois balla
Im’ sgaoinse ar leath-taoibh sráide,
Bodairí na tíre ag tigheacht ar a gcapall,
Dá fhiafruighe an bhfuilim hirálta,
“O téanam chun siúbhail, tá an cúrsa fada,
Seo ar siubhal an Spailpín Fánach”.
Bhi tionchar mór ag Tadgh orm agus ag a mhac Fionnbarra a lean é. Is sna hardranganna i Scoil Carnáin a rugadh an mhian ionam bheith im’ mhúinteoir agus táim buíoch don scoil agus na múinteorí uile as ucht an chaighdeén árd a bhí acu.
– –
Written by Tomás ÓCobhthaigh
Published here 05 Feb 2021
Page 004 of The Carnaun Centenary Book
– –
Carnaun School, Carnaun, Athenry, Co. Galway, Ireland
– –
The Carnaun Centenary
A compilation of short articles about the life and times at Carnaun National Sch… Here some recent records:
Chronicle

25 Years of Junior Chess in Athenry – Christmas 1999
Contribute
Many thanks to all our writers, researchers and contributors who have made this collation of writing a meaningful historical record. If you would like to add an article, news, thoughts, opinions, photos or anything else to the Athenry.org Library please contact our Editor, Finbarr O’Regan at: oreganathenry@gmail.comContact